|
|
|
||
|
Cuid lárnach den phobal áitiúil is ea é an siopa agus tá réimse maith earraí ar fáil againn inár gceann féin a bhíonn oscailte 362 lá ina aghaidh na bliana. Más rud é go bhfuil tú ag éalú ó shaol na cathrach móire is féidir linn freastal ar na riachtanais a bheadh ort gan aon anró. Ón bhfiús 13A, ábhar tine nó na nuachtáin nó na rudaí beaga fánacha a bheadh uait, déanfar gach iarracht é a bheith againn don dturasóir is don bpobal i gcoitinne. Gheofar earraí fé leith chomh maith atá déanta sa cheantar seo ar nós Uachtar Reoite Uí Mhurchadha, Bia Mara Bhaile Uí Shé, Mil Bhaile an Fheirtéaraigh, Arán Baile Uí Fhiannachta agus luibheanna/glasraí ónár ngairdín orgánach féin. Tá eischeadúnas againn chomh maith ina gheofar rogha maith d’fhíonta agus de bheoracha idirnáisiúnta a shásódh tromlach na ndaoine.
|
||
|
Our shop, provides a wide range of goods and services. If it is your intention to escape a hectic city life then we can look after your every need to ensure continuity of a stress free break. From the humble 13A fuse to local free range hen and duck eggs, from solid fuels to newspapers, or those last minute and late purchases we endeavour to cater for our visitors and locals alike. We also stock locally produced speciality foods including the award winning Murphy’s Ice Creams, Ballyhea Fish products, Ballyferriter Honey and Fenton’s Homemade Bread. Our off-licence stocks a fine selection of lrish beers, and soon our own Cúl Dorcha will be included. We are ever increasing our unusual selection of world beers that cannot be found anywhere else on the peninsula outside of Dingle town. We also stock a wide range of fine wines to suit most tastes. |
|||
|
|
|||