|

|
|
Located in the rural community of Riasc, in heart of the Corca Dhuibhne Gaeltacht (Irish speaking area) of West Kerry, Tig Bhric provides visitors and locals alike with a wide range of services. From select accommodation to fine food, traditional and contemporary music, and a unique bar with an emphasis on the arts, we offer our customers a service in an authentic setting. Situated in the middle of some of the most spectacular scenery in Ireland, visitors are afforded the opportunity to experience both the landscape, local culture and the numerous activities available within a short distance of our establishment.
|
|
Lonnaithe i measc phobal beag an Riaisc, atá i gcroílár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, cuireann Tig Bhric rogha fairsing de sheirbhísí ar fáil do mhuintir na háite agus don chuairteoir chomh maith. Ó lóistín d’ardchaighdeán agus bianna den scoth, ceol traidisiúnta agus comhaimseartha, agus beár fé leith ina gcuirtear béim ar na hEalaíona, déantar iarracht freastal ar riachtanais an tsaoil mhóir. Suite i measc an tírdhreach is áille in Éirinn beidh deis ag cuairteoirí leas agus taitneamh a bhaint as an timpeallacht, an chultúr agus na háiseanna atá ar fáil go háitiúil. |
|
|
|
|
|
Más cupa cappuccino cúrach atá uait ós comhair na tine móire nó babhla folláin d’anraith na mara tar éis siúlóide ar an dtráigh, cuirfear fáilte mhór romhat sa tig seo i gcónaí. Tá sé seo soiléir anois ón leagan amach fairsing is ón atmaisféar mealltach a chuireann cuairteoirí ar a suaimhneas. Cuirtear bianna d’ardchaighdeán ar fáil sa bheár agus iad siúd go dteastaíonn uathu a bheith lasmuigh sa ghairdín gréine. Bíonn ceol go rialta sa bheár chomh maith le taispeántas buan de shaothair ealaíon agus ceardaíochta agus ceapaimid go bhfuil tig fé leith déanta againn de.
|
|
Whether your preference is for a frothy cappuccino in front of our open fire or a hearty bowl of our homemade chowder after a refreshing walk along the beach, we provide a relaxing and homely welcome for all visitors to our bar. This is reflected in both the layout and the ambience of the establishment which includes a high quality food service, a generous beer garden. Regular music sessions and a continuous display of arts and crafts add to what we like to think of as a unique an original bar.
|
|
|
|
Rinneadh léirmheas tráth sa nuachtán Kerryman inar dúradh fé Thig Bhric gur tigh 4 réalt é nach gcloíann leis an gnáth rud. Cuirtear béim fé leith ar rogha mhaith d’anraithí, seabhdair agus milseoga atá déanta sa tigh agus atá ar fáil sa samhradh. Déantar iad le glasraí onár ngairdín féin agus le h-earraí orgánacha áitiúla. Is ball de Ghluaiseacht Bhídh Bhog an tigh seo.
|
Described in a review in the Kerryman newspaper we are a 4 star establishment who break from the banal. Specializing in soups, chowder and desserts we serve homecooked food seasonally. We use our own vegetables as well as local and organic produce and are members of the slow food movement.
Example dishes:
Carrot and Coriander Soup Beef in Ale Casserole Roast Aurbergine, Leek and Bean Chilli Irish Chese Plate
|
|
|
|
|
|
|
|
|